Achainí i gcoinne Bille Gaeloideachais
Rinneadh cáineadh géar ar an DUP, an UUP agus an TUV an tseachtain seo caite nuair a baineadh úsáid as achainí de bharr ábhar buartha sa Tionól chun cros a chur ar Bhille Gaeloideachais a bhí ag an chéim dheireanach sa phróiseas reachtaíochta. Deir an Dream Dearg go bhfuil siad i mbun teagmhála le scoileanna agus le hionadaithe ó earnáil na Gaelscolaíochta maidir leis na chéad chéimeanna eile agus chun míshástacht na hearnála faoi theip an Bhille a léiriú. Bille príobháideach a bhí sa Bhille Gaeloideachais agus ba é Pat Sheehan, MLA de chuid Shinn Féin agus ball gníomhach den Choiste Oideachais, a chuir chun tosaigh é. Bhí sé mar sprioc leis an Bhille seo, atá ar na bacáin le ceithre bliana anuas, bunús reachtach a chur le pleanáil foirne d’earnáil na Gaelscolaíochta. Tháinig éilimh don Bhille ón earnáil féin mar gheall ar an bhorradh atá tagtha ar oideachas trí mheán na Gaeilge, agus nach bhfuil an Roinn Oideachais ag tabhairt a dhóthain aitheantais don ghá le pleanáil foirne straitéiseach a dhéanamh ag leibhéal naíscoile, bunscoile agus meánscoile chun freastal ar an éileamh méadaithe seo. Dúirt an Dream Dearg gur “cros seicteach, fríth-Ghaelach” a bhí san achainí a rinne na páirtithe Aontachtacha agus go mbeidh breis agus 7,000 dalta in earnáil na Gaelscolaíochta thíos leis. Rinne an Coimisinéir don Ghaeilge ó thuaidh, Pól Deeds, cáineadh géar ar an chinneadh, á rá nach raibh sé de sprioc leis an Bhille seo buntáiste breise a thabhairt don earnáil ach aitheantas a thabhairt do na bearnaí soláthair atá ann le fada agus cinntiú gur féidir le teaghlaigh a roghnaíonn an Gaeloideachas teacht ar na seirbhísí agus na caighdeáin tacaíochta chéanna a mbíonn daoine eile ag súil leo. Agus ceannaire an DUP Gavin Robinson ag fógairt go raibh sé i gceist ag an pháirtí úsáid a bhaint as an achainí, dúirt sé go raibh an cinneadh seo déanta acu lena léiriú do Sinn Féin nach raibh cúrsaí ag leanúint ar aghaidh mar is gnách - ba thagairt é sin do mhíshástacht an DUP maidir leis an bhealach ar phléigh Sinn Féin le ceist Dhroim Crí i mí Mheán Fómhair. Tá roinnt gníomhartha eile déanta ag an DUP cheana féin ar an ábhar seo. Cuireadh bac ar Michelle O’Neill a cuid dualgas a chomhlíonadh mar Chéad-Aire trí chomhaontú a tharraingt siar i dtaca le freastal ar roinnt ócáidí. Mar gheall go mbíonn comhaontú idir an Chéad-Aire agus an LéasChéad-Aire de dhíth le bheith ag feidhmiú sna róil, ní féidir le O’Neill leanúint ar aghaidh as a stuaim féin gan bheannacht ón LeasChéad Aire Emma Little-Pengelly. Tá drogall ar an DUP Little-Pengelly a bhaint dá ról, rud a chuirfeadh deireadh le tréimhse O’Neill mar Chéad-Aire, ach rinneadh na cinntí éagsúla seo mar iarracht guthanna eile sa pháirtí a shásamh. Is ann don mheicníocht taobh thiar den achainí ar bhonn ábhar buartha chun cosaint a thabhairt do ghrúpaí mionlaigh agus lena chinntiú nach féidir leis an mhóramh cinntí a dhéanamh a chruthódh míbhuntáiste do sciartha eile den phobal. Chun achainí a úsáid, bíonn síniú ó 30 Comhalta de dhíth agus athraíonn sé sin an tairseach faoina n-éireodh le cinneadh, ó thromlach simplí go tromlach den dá phobal sonrach, is é sin Náisiúnach agus Aontachtach. Le teacht ar an 30 síniú atá de dhíth chun achainí a úsáid, bhí ar an DUP tacaíocht a fháil ó pháirtithe eile mar níl acu ach 26 shuíochán sa Tionól. Bhí sé réasúnta cinnte go dtabharfadh an TUV tacaíocht don achainí leis an vóta amháin atá acu. An cheist a bhí ann ná an mbeadh an UUP sásta an achainí a shíniú. Tá ráitis déanta ag ceannaire an pháirtí, Jon Burrows, á rá nach bhfuil aon rud aige i gcoinne na Gaeilge agus bhíothas á mhaíomh go raibh iarrachtaí á ndéanamh aige daoine a mhealladh chuig an pháirtí nach mbeadh chomh láidir sin i gcoinne na teanga. Ina ainneoin sin, thacaigh an UUP leis an achainí, rud a d’fhág go bhféadfaí bac a chur ar an Bhille sa Tionól.