chartexchange

An Fhrainc ag druidim le huair na cinniúna

The Irish Times | Nov 24, 2026 5:30 AM EST

Dhá mhí ó shin bhain círéibeoirí in éadaí dubha agus balaclávaí geit as an rialtas na Fraince le linn do dhaltaí - is í an tsráid an t-aon bhotha vótála atá acu, de bharr aoise - a bheith ag léirsiú faoi staid na scoileanna agus easnamh múinteoirí. Léirsigh na seaicéid bhuí - gilets jaunes - agus na ceardchumainn leo faoin gcostas maireachtála agus tuarastail. Mhaígh fear amháin, é ag gáire, “ An réabhlóid ar dtús, leaba Macron ina dhiaidh! ”, macalla phobalachas 1789. Dúnadh 1,000 lycées (meánscoil uachtarach), gabhadh 6,500 duine - tá an péas traenáilte chun daoine a ghabháil seachas sluaite a stiúradh. In áit an fhearg shóisialta a cheansú, úsáideadh an lámh láidir le hairm mhíleata, sciatha agus veaineanna in eagar comhraic. Níor múchadh díograis na n-óg, ach gortaíodh na céadta, cuid acu go holc. Níos moille smachtaíodh bealach na bparáidí go comhéigneach agus saoirse gluaiseachta le cuirfiú agus cosc. Freagra an rialtais: Ceapadh 3,000 múinteoirí; gealladh malairt ar Parcoursup (leagan na Fraince den CAO) in 2027-2028, €4 mhilliún d’athchóiriú foirgnimh, agus áiteanna ollscoile breise; aithníodh gearáin na gceardchumann; coinníodh an deontas peitril d’oibrithe. Thacaigh Marine Le Pen, Rassemblement National (RA) - ón eite fhíordheas agus rogha na coitiantachta don toghchán uachtaránachta - leis na hagóidí mar aon le Jean-Luc Mélenchon, iarrthóir La France Insoumise (LFI), reibiliúnaigh ar an eite fhíorchlé. Déantar magadh faoi Raphaël Glucksmann, iarrthóir sóisialach, agus tá Édouard Philippe, ar dheis ón lár, i sáinn anois faoi líomhaintí i dtaca le tosaíocht pholaitiúil, é tite sna pobalbhreitheanna amhail Gabriel Attal, ar chlé ón lár. Tá an triúr acu i mbaol díbeartha. Tá easpa soiléire idir daonlathaithe, Christine Lagarde ina measc. Agus líon na n-agóideoirí tite, meastar nach mairfidh na léirsithe ach d’fhéadfadh an ghéarchéim leanúint go dtí an toghchán. Is óráidí Eoraisceipteach é Mélenchon agus sampla de chumas cumarsáide an pháirtí. Sheol sé ‘An Todhchaí le Chéile’, leabhar-chlár LFI, ina molann sé €1 mhilliún chun an fhrith-Mhoslamachas a chosc, an t-aon rud atá costáilte; cealú fiacha náisiúnta; ardú ar an mbuntuarastal; cosaint ar an aeráid agus ar aois phinsin; 500,000 post talmhaíochta, níos lú próitéin ainmhíoch a ithe; laethanta saoire breise; sochaí il-eitneach - is i Maracó a rugadh é féin. Tacaíonn roinnt feisirí cumannacha leis. Shéan Le Pen na líomhaintí frith-Sheimíteacha i gcoinne Jordan Bardella, uachtarán RN. Molann sí ísliú ar an gcáin ioncaim agus cáin CO2; buiséad flaithiúil gan athrú ar aois an phinsin, ainneoin fiacha náisiúnta arda; deireadh leis an gcúnamh don Úcráin; bunreacht a leasú go míbhunreachtúil; coimhlint cumhachta leis an Aontas Eorpach.Shéan Bardella na ráitis fhrith-Sheimíteacha a fuarthas ina gcuntais Facebook agus Twitter. B’eol áfach a dhíocas le smaointe Alan Soral, ciníoch, a bhfuil taobhaitheoirí leis in RN. Lig botúin litrithe síos é, glanadh iad. Bhris comhairleoir eacnamaíoch RN cúntoir frith-Sheimíteach as a phost. Chuir an chosaint a rinne Le Pen an dráma Hamlet i gcuimhne: “Tá an bhean uasal ag agóid an iomarca”, a hionracas ceistithe de bharr gur dhiúltaigh sí go róthréan do na líomhaintí. Bhrúigh na léirsithe na líomhaintí i leataobh. Ó thaobh na polaitíochta de, ceaptar go forleathan go léiríonn 1789 coimhlint idir bocht agus rachmasach, agus ansin gurbh é scéal Dreyfus, Giúdach, a scoilt an t-antoisceachas polaitiúil le cailleadh na hAlsáise (1870); dhíbir Pétain 76,000 Giúdach sna 1940idí. Chuardaigh an file Gaeilge Derry O’Sullivan scéal na clainne Giúdaí a mbíodh ina gcónaí ina árasán i bPáras. Ar díbríodh iad go dtí na campaí? ’Agus na Naitsithe’ ar mé. ’S an tseanbhean: “Ils ont été gentils avec nous…” Na Naitsithe...go lách lem chomarsana! Bhreac an fhírinne shearbh orm: Ba dhea-chomharsa mé le sean-dea-chomharsana na SS! ” (2005). Chreid frith-Sheimítigh na cúiseanna bréige i gcoinne Dreyfus (1894) agus chuaigh Charles Maurras i gcion ar bhunaitheoirí an FN (1972): Jean-Marie Le Pen, a shéan an tUileloscadh, Bousquet an SS, Duprat, Brigneau, Jalkh. Toghadh Marine Le Pen mar uachtarán, ruaig sí a hathair ach coinníodh é mar Uachtarán Oinigh. Thug an Rúis iasachtaí €11 mhilliún , ghlan sí an páirtí agus dhaingnigh a greim. Ghlac na Klarsfeld, sealgairí Naitsíocha, le honóir Perpignan ón mhéara FN; ach níor bhuail Herzog, Uachtarán Iosrael, le Bardella, a cháin an Shoah agus ionsaí Hamas gan Gaza a lua. Thug sé freagraí débhríocha faoi Pétain. Ní bhaineann foréigean le hógánaigh go speisialta. Is mó dóibh an cineál saoil a bhí ag a dtuismitheoirí a bheith acu féin ná foirgnimh scoile; ceiliúrann siad an bheatha i gcluichí, cóisireacht, ceolchoirmeacha. Ainneoin na scéine faoin Intleacht Shaorga, imní faoin todhchaí agus dífhostaíocht, tá siad dáiríre, síochánaíoch agus dóchasach: “ Is muidne a thógfaidh an todhchaí, seachas cur suas leis! ”. B’ionann Giúdaigh na meánaoiseanna agus inimircigh an lae inniu, 12% den daonra, Moslamaigh a bhformhór ag 8%; is de shliocht eachtrannach 33% den phobal. Tá pobal an cheantair Trappes suaite faoin té a mharaigh Pengo (trodaí MMA, 26, de bhunadh an Chongó) - dúirt an t-ionsaitheoir go raibh sé diongbháilte ar “Moslamaigh, Afracaigh nó Arabaigh a mharú”. Tá ciníochas in áiteanna áirithe gan amhras. Leag an méara Arabach an locht ar Bardella, a dúirt gur “tearmann d’Ioslamaithe” é Trappes. Macalla de Marcel Pujol, feisire de chuid an Rassemblement National i Marseille, a dúirt faoi mharú 50 oibrí ón Mhagraib, an Ailgéir ach go háirithe, in 1973: “Is ualach ar cháiníocóirí na tíre iad”. Le déanaí léirsigh thar mhilliún jeunes , jaunes agus ceardchumannaithe. Ardaíodh íosphá 1.6% go €1,502 glan; coinneofar Parcoursup mar atá; tairgeadh ranganna cúitimh ach d’fhan roinnt ollscoileanna faoi smacht na mac léinn . Cheal easnamh acmhainní agus gan tromlach, theip ar Emmanuel Macron an ghéarchéim shóisialta a réiteach, shiúil daltaí agus múinteoirí amach as cruinniú leis. Agus líon na n-agóideoirí tite, meastar nach mairfidh na léirsithe ach d’fhéadfadh an ghéarchéim leanúint go dtí an toghchán. Tá iar-Phríomhairí lárnacha Macron, Philippe agus Attal, i sáinn, iad leathfhreagrach as an fhadhb; le fírinne níor phléigh an tUachtarán leis na comhpháirtithe sóisialta le deich mbliana anuas. Tá an pobal cloíte ag tonnta teasa, fiacha náisiúnta, costas maireachtála. Gan dóchas na n-óg, misneach an phobail agus nuálaíocht an rialtais as seo go mí Aibreáin, beidh “ belle élection présidentielle “ Macron in ucht na cinniúna. Is séiplíneach príosúin sa Fhrainc é Patrick Gormally. Is é údar na leabhar Scéalta Scéine agus Aiséirí agus Scéalta Dóláis agus Dóchais a d’fhoilsigh Coiscéim. Foclóir círéibeoirí = rioters seaicéid bhuí = yellow vests comhéigneach = coercive meánaoiseanna = middle ages ciníochas = racism tromlach = majority

Read original article