Cáineadh géar déanta ar chinneadh ‘frith-Ghaeilge’ an DUP
Tá cáineadh géar déanta ar chinneadh an DUP stop a chur le Bille oideachais a thabharfadh tacaíocht don Ghaelscolaíocht ó thuaidh. D’fhógair an DUP tráthnóna inné go bhfuil sé i gceist ag an bpáirtí ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’ a dhéanamh inniu chun stop a chur leis an mBille Gaeloideachais sa Tionól ó thuaidh. D’fhógair an UUP agus an TUV a gcuid tacaíochta don achainí. Dúirt ceannaire an DUP, Gavin Robinson, go raibh an páirtí chun stop a chur leis an mBille mar thoradh ar “sotal” Sinn Féin i dtaobh mhórshiúl Dhroim Crí. Cháin polaiteoirí agus gníomhaithe teanga cinneadh an DUP. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, agus ionadaí ar Ghrúpa Oibre don Straitéis Ghaelscolaíochta sa Roinn Oideachais ó thuaidh, gur “scannal iomlán” é cinneadh an DUP agus an Aire Oideachais . “Níor cheart d’aon pháirtí tacú leis an iarracht ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’ a úsáid mar veto seicteach frith-Ghaeilge,” a dúirt sé. “Ceapadh an uirlis sin chun mionlaigh inár sochaí a chosaint. Is masla iomlán é sin a úsáid i gcoinne phobal na Gaeilge, nó sa chás seo, i gcoinne an 7,000 duine óg a roghnaíonn a gcuid oideachais a fháil trína dteanga dhúchais.” I ráiteas a d’eisigh údar an Bhille, Pat Sheehan ó Sinn Féin, d’fhiafraigh sé “Cén bhagairt go díreach atá anseo dóibh? Múinteoir a bheith ag páiste? Go bhfaigheadh dalta le riachtanais speisialta oideachais tacaíocht sa teanga ina bhfuil siad ag foghlaim? “Tá na deiseanna céanna tuillte ag na páistí seo agus atá ar fáil ag gach páiste eile.” Dúirt sé go raibh an cinneadh ina chuid den “seanphátrún gránna seicteach”. Cháin Matthew O’Toole ón SDLP cinneadh an DUP chomh maith. Ag tabhairt aghaidh ar an UUP agus an DUP ar X, dúirt sé gur cur chuige suarach a bhí ann. I ráiteas a d’eisigh Páirtí Comhghuaillíochta Thuaisceart Éireann, dúirt Eóin Tennyson: “Tá sé deacair a shamhlú cé chomh sobhriste is a chaithfidh braistint féiniúlachta Gavin Robinson a bheith má bhraitheann sé faoi bhagairt ag páistí a bheith ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge.” “Níor cheart pionós a ghearradh ar pháistí de bharr imreas agus amaideacht inmheánach an DUP.” Ní hé an chéad uair é don DUP cur in aghaidh tograí teanga. Tharraing an tAire Oideachais, Paul Givan, a bhí ina Aire Pobal ag an am, conspóid mhór nuair a d’fhógair sé díreach roimh an Nollaig in 2016 nach mbeadh maoiniú de £50,000 ar fáil do scéim Ghaeilge dar teideal Líofa an bhliain dar gcionn. Faoi rialacha an Fheidhmeannais, is féidir le páirtithe stop a chur le reachtaíocht trí mheicníocht vótála ar a dtugtar ‘achainí ar bhonn ábhar buartha’. Cumadh an mheicníocht mar chuid de shocraithe Chomhaontú Aoine an Chéasta mar chosaint do phobail an Tuaiscirt iad féin a chosaint ar chinntí tromchúiseacha. Seachas tromlach simplí a bheith de dhíth chun rún nó bille ar bith a rith mar is gnách, éilítear tacaíocht trasphobail leis an meicníocht seo. Ciallaíonn sé go praiticiúil gur féidir le taobh amháin dris chosáin a chur roimh iarracht ar bith rún nó bille a rith agus bac a chur roimhe, fiú dá mbeadh tromlach de vótaí an Tionóil ar son an rúin. Is minic a cáineadh an cur chuige. Dúradh go raibh úsáid á baint as mar uirlis chlaonpháirteach chun stop a chur le hiarrachtaí cearta agus comhionannas a chur chun cinn. Sampla de sin is ea an chonspóid faoin iarracht a rinneadh pósadh comhghnéis a cheadú ó thuaidh in 2015. Cé gur vótáil tromlach an Tionóil ar son an athraithe, chuir an DUP achainí ar bhonn buartha isteach, rud a chuir stop leis an rún.