Tionchar Dhroim Crí ar an tírdhreach polaitiúil
Tá an bhearna idir daoine a chreideann gur chóir do Thuaisceart Éireann fanacht sa Ríocht Aontaithe agus daoine a chreideann gur chóir go mbeadh Éire Aontaithe ann ag cúngú. Dúirt 46% sa phobalbhreith is déanaí ó LucidTalk gur chóir an stad reatha a choinneáil, agus 42% go dtabharfaidís tacaíocht d’Éirinn Aontaithe dá mbeadh reifreann ar siúl anois. Tá an bhearna 4% íslithe ón 7% a bhí ann ag an tráth seo anuraidh, agus tagann na torthaí ag am tráthúil. D’fhógair an Tánaiste Simon Harris treoirphlean úr maidir le hathrú bunreachtúil ar an oileán ag Ard-Fheis Fine Gael ag an deireadh seachtaine. Idir seo agus an tionscadal úr fógartha ag an Taoiseach Mícheál Martin an tseachtain seo caite ar an ábhar céanna, is léir go bhfuil páirtithe an rialtai s ó dheas ag amharc ar an cheist seo le súile géara, ag eascairt as an leibhéal díospóireachta atá ar siúl ag leibhéal an phobail agus ag páirtithe polaitíochta eile. Sé mhí amach ó thoghcháin an Tionóil agus na gComhairlí Áitiúla ó thuaidh, beidh lúcháir ar Shinn Féin agus díomá ar an DUP faoin phobalbhreith is déanaí, a foilsíodh sa Belfast Telegraph, a léiríonn freisin go bhfuil Sinn Féin ag bailiú nirt, agus go bhfuil an DUP ag streachail tacaíocht a choinneáil. Eisíodh torthaí na pobalbhreithe ag am a bhfuil éiginnteacht fós ann faoi sheasmhacht an Fheidhmeannais agus faoin chur chuige a bheidh ag an DUP maidir le cumhacht a roinnt le Sinn Féin i gcomhthéacs iarmhairtí scéal Dhroim Crí. Sa phobalbhreith, léiríodh go bhfuil Sinn Féin ar 28%, i bhfad chun tosaigh ar na páirtithe eile agus ardaithe 6 phointe ó phobalbhreith LucidTalk le linn an tsamhraidh. Tá trí pháirtí aontachtacha ar comhscór lena chéile a bheag nó a mhór faoi láthair, agus an UUP ar 15% (-1%), an DUP ar 14%(-1%) agus an TUV ar 14% (+2%). Tá an SDLP ar 11% (-2%). Is léir, mar sin, gur tháinig an t-ardú do Shinn Féin ón SDLP agus ó na páirtithe beaga. Ar bharr laghdú an SDLP, bhí íslithe eile ann do Pháirtí na Comhghuaillíochta, an Páirtí Glas, Aontú agus PBP, a chaill pointe amháin an pháirtí. Dearbhú a bheidh sa phobalbhreith seo do Shinn Féin maidir leis na cinntí a rinne an páirtí i dtaca le Droim Crí, freastal ar agallaimh leis an PSNI, agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu an Feidhmeannas a choinneáil ag dul. Agus na héilimh leanúnacha fós ag teacht gur chóir Michelle O’Neill a chur amach as a hoifig mar Chéad-Aire, beidh cúis áthais ag an pháirtí gur féidir leo seasamh go compordach ar achan rud atá déanta acu le déanaí. Beidh áthas chomh maith ar an TUV go bhfuil 14% bainte amach acu. Beidh siad ag dúil le tuilleadh suíochán a chur leis an aon suíochán amháin atá acu faoi láthair, agus le cur le líon na gcomhairleoirí áitiúla. Theip ar an TUV mórán dul chun cinn a dhéanamh lasmuigh de cheantar cheannaire an pháirtí, Jim Allister, atá anois ina MP, ach beidh an páirtí dóchasach gur féidir leo deacrachtaí an DUP a úsáid chun vótóirí a mhealladh trasna chucu féin. Arís, is í ceannaire an SDLP Claire Hanna atá chun tosaigh sna rátaí pearsanta. Tá Hanna ar 52%, ardaithe dhá phointe, agus go mór chun tosaigh ar Jon Burrows, ceannaire an UUP, a tháinig sa dara háit ar 45%. Cúis díomá a bheidh ann don SDLP, áfach, nach bhfuil próifíl agus cumas Hanna ag cuidiú leis an pháirtí tuilleadh tacaíochta a mhealladh. Ach, cé go bhfuil an bhearna ag fás faoi láthair idir Sinn Féin agus an SDLP, tá cúrsaí níos fearr ná mar a bhíodh don SDLP. Ag toghchán an Tionóil in 2022 níor éirigh leis an pháirtí ach 9% den vóta céadrogha a mhealladh, agus beidh dóchas áirithe ag an pháirtí anois go mbeidh toghcháin rathúla acu i mí Bealtaine, in ainneoin an bhorrtha atá ag teacht faoi thacaíocht Shinn Féin faoi láthair. Ábhar imní ollmhór a bheidh ann don DUP go bhfuil siad ag cailleadh tacaíochta, cé go bhfuil an páirtí ag déanamh iarrachtaí móra freagra a thabhairt ar cheist Dhroim Crí a bheadh sásúil dá lucht leanúna. Cuireadh ceisteanna na pobalbhreithe sular éirigh Carla Lockhart as an pháirtí mar gheall nach raibh sí sásta nár iarr an ceannaire Gavin Robinson ar Emma Little-Pengelly éirí as a ról mar LeasChéad-Aire, rud a chuirfeadh deireadh go huathoibríoch le tréimhse O’Neill mar Chéad-Aire. Cé go bhfuil bac anois curtha roimh O’Neill dualgais na hoifige a chomhlíonadh ina n-iomláine, is léir nach leor sin chun na guthanna is láidre a shásamh. Sa phobalbhreith, dúirt 49% den phobal gur chóir do Little-Pengelly éirí as, agus 43% nár chóir. I measc vótóirí an DUP bhí 47% i bhfabhar agus 45% i gcoinne an chinnidh seo. I measc vótóirí an TUV, tá 85% acu den tuairim gur cheart di éirí as, agus 10% den tuairim nár cheart. Toradh eile sa phobalbhreith a bheidh ina deacracht don DUP amach anseo ná go bhfuil ráta pearsanta níos fearr bainte amach ag Jamie Bryson (55%) agus ag Lockhart (68%) ná mar atá ag Gavin Robinson (47%). Ba é an DUP a chuidigh le Bryson an t-ardán atá aige a fhorbairt agus a thógáil. Leis sin, is dócha go leanfar leis an tionchar nach beag atá aige ar na páirtithe aontachtacha óir tá sé in ann aird a tharraingt ar a chuid cúiseanna. Ag amharc chun tosaigh ar na toghcháin atá le teacht, beidh Sinn Féin compordach, ach i measc an phobail aontachtaigh, d’fhéadfaí athruithe móra a fheiceáil agus trí pháirtí aontachtacha gob ar ghob ag troid don linn vótóirí céanna.