Geamaireacht na Nollag ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
Cuirfear an gheamaireacht Luaithríona ar ardán na Cultúrlainne i mBéal Feirste arís i mbliana, seó speisialta lán le popcheol spleodrach, gáire agus spraoi na Nollag. Sa léiriú seo, cuirtear casadh an lae inniu ar sárscéal Cinderella – ach níl Luaithríona ag iarraidh an prionsa a phósadh. An éireoidh léi teacht ar chríoch shona? Is é Conall Mac Corraidh a scríobh agus a stiúir an gheamaireacht agus beidh sé féin le feiceáil ar an stáitse mar an ‘Leasmháthair Uafásach’. Is í Eve Ní Thuama a dhéanfaidh páirt Luaithríona agus beidh páistí Scoil Drámaíochta Aisling Óg mar aíonna speisialta. Beidh an chéad léiriú de Luaithríona ar siúl an Domhnach beag seo, 29 Samhain 2026, ag 12pm i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Beidh an fhoireann aisteoirí ag tabhairt faoin ardán faoi dhó Dé Sathairn 5 Nollaig, mar go mbeidh seó do theaghlaigh ar siúl ag meánlae agus seó speisialta ceabairé ar siúl san oíche. Ócáid 18+ a bheidh i gceist leis an oíche sin agus cead ag an lucht féachana a ndeochanna féin a thabhairt leo don cheabairé. Beidh spraoi ann! Moltar do thicéad a cheannach anois ó culturlann.ie . Costas £7 atá ar thicéad don dá sheó i rith an lae agus costas £10 atá ar an cheabairé oíche Dé Sathairn 5 Nollaig 2026. Déan teagmháil le milene@culturlann.ie má tá tuilleadh eolais uait. Boreen: cluiche cultúrtha den scoth Is breá liom an cluiche beag seo a thugann timpeall na hÉireann thú achan lá. Tá seacht gceist i ngach cluiche, agus tá baint acu uilig le stair, tíreolaíocht, bia, cultúr agus muintir na hÉireann. Caithfidh tú teacht ar na freagraí neamhchoitianta leis an scór is airde agus is féidir a bhaint amach taobh istigh de 25 soicind. Baineann tú níos mó pointí as gach freagra fánach a thugann tú, agus bíonn deis agat ansin taisteal níos faide timpeall na hÉireann. Is minic a bhíonn ceist as Gaeilge mar chuid den chluiche (ainmnigh ballstát den Aontas Eorpach as Gaeilge, duine den teaghlach, mothúchán, rud éigin a d’fheicfeá ar an trá mar shampla), agus mar sin bíonn seans níos fearr ag Gaeilgeoirí na pointí is airde a bhaint. Bíonn grúpa Whatsapp an teaghlaigh beo bríomhar agus lán teachtaireachtaí achan mhaidin na laethanta seo agus scórtha Boreen á gcur i gcomparáid lena chéile. Anois níl le déanamh ach leagan iomlán Gaeilge den chluiche a fhorbairt... tá muid ag amharc ortsa, Rónán Ó Laoire! Tá Boreen ar fáil ag boreen.ie . Féiríní iontacha ó Sculpted by Aimee Ní maith liom díriú barraíocht ar Aoine Mhór na Siopadóireachta de ghnáth, ach más sa tóir ar inspioráid do bhronntanais Nollag atá tú, nó go díreach ag iarraidh smideadh úr a cheannach agus muid ag tarraingt ar shéasúr na hamaidí, tá réimse iontach féiríní ar fáil ó Sculpted by Aimee faoi láthair agus cúpla margadh maith lena chois. Bímse ag brath go mór ar tháirgí cosúil leis an Beauty Base agus an folaitheoir Brighten Up an t-am seo bliana le luisne a chur i mo ghrua agus le goiríní an gheimhridh a chlúdach. Tá bosca iontach deas ar fáil ar shuíomh Sculpted ag an bhomaite, ina bhfaigheann tú an prímeálach Beauty Base , folaitheoir Brighten Up nó Satin Silk agus do rogha bonnsmideadh (molaimse féin an HydraTint ). €79 a bheadh ar na trí tháirge sin de ghnáth, ach tá siad ar fáil ar phraghas speisialta €50 an Nollaig seo. Sladmhargadh ceart! Tá an Selection Box de chuid Sculpted by Aimee, agus roinnt táirgí eile, ar fáil ag sculptedbyaimee.com . Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – SanchoCleoFi Nach deas na píosaí ealaíne lámhdhéanta seo? Dearann agus déanann Mary gach uile phíosa sa bhaile i gContae an Chláir agus úsáideann sí meascán de vinil, péint agus roisín leis an ‘ghloine dhaite’ a chruthú. Tá réimse táirgí ar a suíomh atá déanta cheana féin agus réidh le seoladh amach. Chomh maith leis sin, tá an rogha ann táille bheag sa bhreis a íoc agus do théacs féin a roghnú don phíosa. Thiocfadh leat do rogha seanfhocal a úsáid nó d’ainm a chur air le comhartha a chruthú do do dheasc nó d’oifig. Is breá liom na dathanna agus na gnéithe miotalacha, agus go n-úsáideann sí frámaí ildaite dara láimhe do na píosaí ar fad. Mar sin, ní mar a chéile aon dá phíosa. Téigh chuig sancho-cleo-fi.sumupstore.com leis na píosaí ar fad a fheiceáil agus a cheannach. Tá Sancho Cleo Fi ar na meáin shóisialta fosta @sancho_cleo_fi.