chartexchange

“Braithim go maireann meon na nGael go láidir lasmuigh den domhan gránna caipitlíoch ina bhfuilimid.”

The Irish Times | Sep 29, 2026 12:50 AM EDT

Cad é an chéad phíosa ealaíne a d’imir tionchar ort mar dhéagóir? Dr Dre, 2001. Ba é seo an chéad cheirnín a cheannaigh mé mar dhéagóir. Go dtí sin, do bhíos ag éisteacht le ceol mo dheartháireacha, ar nós Blur, Pulp, Oasis, Radiohead srl. Chomh maith leis na beats dochreidte, chuaigh an meon a bhí ag na hamhráin i bhfeidhm orm: spiorad an reibiliúnaigh. Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air? An file, ceoltóir, saoi, Rónán Ó Snodaigh. Tugann a chuid ceoil, go háirithe na halbaim le Myles O’Reilly, an méid sin fuinnimh dom. Is aoibhinn liom an tslí a meascann sé doimhneacht, spiorad agus ceol le simplíocht na teanga. Osclaíonn sé bealaí dom isteach sa teanga. Cén sórt talún cruthaithí ba bhreá leat a fhiosrú? Feirmeoir de shaghas éigin. Do bhí an fhiosracht agam ó bhíos óg, agus tá sí fós ionam. Ba bhreá liom an deis a bheith agam domhan a chruthú le talamh, trealamh, plandaí, glasraí, ainmhithe, gan dabht, agus pé rud eile a bhaileoinn ar mo bhealach. Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as? Is dócha gurb é an chéad dráma a scríobh mé, SPLICED, faoi shaol Chumann Lúthchleas Gael. Thug sé fíormhuinín dom mar scríbhneoir, agus léirigh sé dom go bhfuil guth agus scéal againn go léir. Cad í an chomhairle is measa a fuair tú riamh? An rud a ritheann liom anseo ná gan aon aird a thabhairt ar an gcuid is mó den chomhairle atá le fáil. Bíonn daoine ag caint ráiméise an chuid is mó den am. Éist leat féin agus cruthaigh bealach a n-oireann duitse, is cuma cé chomh hait nó trína chéile is atá sé. Ní thuigeann daoine freisin cé chomh deacair is atá sé leanúint le bealach na n-ealaíon ó thaobh airgid, féinmhuiníne, fuinnimh, clainne agus frustrachais. Caithfidh tú cónaí i mbuncar faoi thalamh, agus is féidir leat scannán amháin, sraith theilifíse amháin, agus leabhar amháin a thabhairt leat: cad iad? Dead Mans Shoes le Shane Meadows; The Wire; agus Nostos le John Moriarty. An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat? Bhí beirt mhúinteoirí Gaeilge agam sa mheánscoil a spreag mé leis an teanga i gcónaí: Brian Tyers agus Finian Ó Drisceoil. Ach bhí múinteoir Béarla agam ar feadh sé bliana, Ger O’Kelly, agus ní raibh a fhios agam ag an am an tionchar a bhí aige orm. Chuir sé béim ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair; Shakespeare, T. S. Eliot, Yeats. Do bhíomar go léir ábalta na féinuiríll in Macbeth nó Hamlet nó The Love Song of J Alfred Prufrock a rá gan smaoineamh. Ní rabhas go maith ag an mBéarla go nádúrtha, ach chreid sé ionam agus bhaineamar rud éigin amach le chéile, measaim. Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste? Tá mo mháthair ana-mhaith ag péinteáil agus spreag sé sin rud ionainn go léir, measaim. Ba mhúinteoir Fraincise í freisin agus tá caighdeán maith Fraincise againn sa chlann dá bharr. Tá radharc agam i bhFraincis sa dráma, ZINC, atá ar siúl an tseachtain seo, ach is féidir leis an lucht féachana a chinneadh féin a dhéanamh ar mo chaighdeán. An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós? Ba mhaith liom píosa talún a fháil agus tígín beag a thógaint mé féin in áit éigin dhraíochtúil. Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí? Chonaic mé an scannán Paris, Texas le déanaí. Bhíos chomh tógtha leis an scéalaíocht, agus le cé chomh bog agus mothúchánach a bhí sé, agus ní fhacas aisteoireacht chomh caolchúiseach le haisteoireacht Harry Dean Stanton le fada an lá. Bhaineas an-taitneamh as ceolchoirm na Gorillaz i rith an tsamhraidh. Chonaic mé Fugit, dráma le comhlacht ón gCatalóin darb ainm Kamchàtka sa Cork Midsummer i mbliana. Spreagadar mé leis an méid is féidir a dhéanamh le lucht féachana agus le hamharclannaíocht. Cad a cheapann tú faoi chaighdeán na n-ealaíon in Éirinn faoi láthair? Tá rud éigin ag tarlú faoi láthair - tá na Gaeil ar na stáitsí móra agus tá an domhan ag breathnú orainn, mar go bhfuil spiorad éigin againn don am atá ann anois. Níl aon dabht ná go bhfuil ealaíontóirí ar ardchaighdeán againn in Éirinn. Tá cruthaitheacht agus ealaín le feiscint i ngach baile beag sa tír. Tá sé ionainn go léir ar shlí amháin nó ar shlí eile. Sin ráite, ní cheapaim go bhfuil go leor ama tugtha do dhaoine óga leis na healaíona, agus tá an iomarca béime ar an saol acadúil seachas ar an tsamhlaíocht agus ar an gcruthaitheacht. Teastaíonn níos mó tacaíochta, struchtúr, maoinithe agus spásanna uainn go práinneach sna laethanta seo. Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir? Ceapaim go bhfuil sé deacair ar dhaoine tuiscint a fháil ar an méid ama a chaitheann tú mar ealaíontóir ag dul timpeall agus timpeall ar an rud céanna - ag lorg bealach nua, difriúil, spreagúil isteach i rud chun é a choimeád beo duit féin. Ní thuigeann daoine freisin cé chomh deacair is atá sé leanúint le bealach na n-ealaíon ó thaobh airgid, féinmhuiníne, fuinnimh, clainne agus frustrachais. Cén cineál áite a spreagann thú? Ceann Trá, Corca Dhuibhne. Cad é do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn? Tá níos mó daoine ag dúiseacht don tuiscint go bhfuil gach rud againn anseo in Éirinn: cultúr, teanga, agus pobal. Tuigeann daoine go bhfuil an domhan á rith ag cladhairí nach bhfuil dírithe ach ar an airgead, ar an tsaint agus ar a ndul chun cinn féin. Braithim go maireann meon na nGael go láidir lasmuigh den domhan gránna caipitlíoch ina bhfuilimid. Feiceann daoine go bhfuil saol eile ann, agus tugann ealaíona na Gaeilge an spreagadh agus an deis dúinn go léir aghaidh a thabhairt ar na rudaí tábhachtacha. Cad é do mhana? Seas d’fhód. Beidh Timmy Creed le feiceáil sa dráma ZINC le Dead Centre sa Dublin Theatre Festival, an 2-4 Deireadh Fómhair, san O’Reilly Theatre i mBaile Átha Cliath. Foclóir: Aisteoir = actor doimhneacht = depth trealamh = equipment caolchúiseach = subtle cruthaitheacht = creativity

Read original article