chartexchange

An tAire Cirt faoi bhrú de bharr eachtra Anderson

The Irish Times | Sep 28, 2026 7:00 PM EDT

Rinneadh athghabháil ar an dúnmharfóir ciontaithe Gary Anderson i dTír Chonaill an tseachtain seo caite i ndiaidh dó breis is seachtain a chaitheamh ar a theitheadh. D’éalaigh Anderson i ndiaidh dó cead a fháil imeacht ó Phríosún Mhaigh gCabraí le freastal ar shochraid a athar i gCathair Dhoire. Níor fhill sé ar an phríosún agus chuir an PSNI agus an Garda Síochána tús le tóraíocht trasteorann láithreach. Ciontaíodh Anderson agus a dheartháir Sean as dúnmharú Karol Kelly i nDoire in 2018. Diúltaíodh d’iarratas Sean Anderson freastal ar an tsochraid chéanna agus dhiúltaigh an tSeirbhís Phríosúin cead do Gary Anderson sa chéad dul síos. Ach rinneadh aisiompú sna cúirteanna ar an chinneadh maidir le hiarratas Gary Anderson. I ndiaidh don scéal briseadh go raibh Anderson éalaithe ó na húdaráis, ardaíodh ceisteanna faoin phróiseas cinnteoireachta agus faoi cé acu an raibh deis ag an tSeirbhís Phríosúin cur i gcoinne rogha na Cúirte nó nach raibh. Labhair an tAire Cirt Naomi Long leis an Tionól ar an ábhar seo agus an scéal fós i mbéal forbartha. Dúirt sí leo gur léir nach raibh an deis ag an tSeirbhís Phríosúin cur in aghaidh chinneadh na Cúirte. Níos déanaí sa tseachtain, nuair a foilsíodh tuilleadh eolais ar an ábhar, tháinig sé chun solais go raibh an deis sin acu, ach nár chuir siad i gcoinne aisiompú an chinnidh. Dúirt an tAire Long gur léir go raibh polaiteoirí áirithe ag déanamh iarrachtaí cnámh spairne pholaitiúil a dhéanamh den chás… Mar gheall ar an eolas nua seo, rinneadh líomhaintí go raibh an tAire Long i ndiaidh an Tionól a chur amú agus gur roinn sí eolas leis na Comhaltaí nach raibh cruinn. Shéan sí go láidir na líomhaintí seo, ag maíomh gur roinn sí cibé eolas a bhí ar fáil di ag an am agus, nuair a fuair sí amach nach raibh iomlán an eolais aici ag an phointe sin, rinne sí socruithe chun labhairt leo arís leis an eolas sin a cheartú láithreach. Dúirt Jon Burrows, ceannaire an UUP, go raibh tráma as an nua déanta ar mhuintir Karol Kelly, go raibh eagla ar an phobal, agus, cé nach gceistíonn sé macántacht an Aire, ceistíonn sé an cumas atá aici. Bhí CTR de chuid an DUP Jonathan Buckley ar aon intinn le Burrows, ag rá gur “teip thubaisteach” ar an chóras cirt a bhí sa chás seo. Dúirt an tAire Long gur léir go raibh polaiteoirí áirithe ag déanamh iarrachtaí cnámh spairne pholaitiúil a dhéanamh den chás seo ar bhealach nach raibh ag teacht leis na fíricí ar fad. Cheartaigh sí an taifead a luaithe agus ab fhéidir léi agus d’ordaigh sí athbhreithniú ar an dóigh ar saoradh Anderson go sealadach sa chéad dul síos. Ghabh sí a leithscéal le teaghlach Karol Kelly go poiblí, agus dúirt sí gur mhaith léi é sin a dhéanamh arís i bpearsa chomh maith. Tá an cás seo i ndiaidh ceisteanna móra a ardú maidir leis an phróiseas taobh thiar de shaoradh sealadach a bhronnadh ar phríosúnaithe, agus tá ceist ar leith ann anois faoin dóigh ar ligeadh do shibhialtach aire a thabhairt do phríosúnaí agus é saor ón phríosún. Ar a bharr sin, beidh ceisteanna ag an Aire Long ar a Roinn agus ar an tSeirbhís Phríosúin maidir le cén fáth nár tugadh iomlán an eolais di sula ndeachaigh sí chun labhairt leis an Tionól ag tús an scéil. Tá Naomi Long, atá ina ceannaire ar Pháirtí na Comhghuaillíochta chomh maith, ag teacht faoi bhrú faoi láthair ó roinnt foinsí éagsúla. Cuireadh an-chuid ceisteanna uirthi agus ar a Roinn i ndiaidh na gcíréibeacha ciníocha i mBéal Feirste ag tús an tsamhraidh, agus tá go leor dúshláin eile roimh an Roinn Cirt mar atá. Lena chois sin, tá imní ag fás go mbeidh sé deacair ar Pháirtí na Comhghuaillíochta cosaint a dhéanamh ar na suíocháin úra a bhain siad amach sa Tionól in 2022 i ndiaidh dóibh titim a fheiceáil i bpobalbhreitheanna. Tá an páirtí anois ag suí ag thart fá 10% le tamall, agus tá ráta sásaimh Naomi Long mar cheannaire tite chomh maith. Beidh próiseas anois i gceist chun Anderson a bhogadh ar ais chuig an Tuaisceart agus go Príosún Mhaigh gCabraí, agus is cinnte go leanfar leis na ceisteanna maidir le saoradh sealadach a bhronnadh. Scéal tubaisteach do theaghlach Karol Kelly a bhí san eachtra seo, agus rinneadh níos measa é mar gheall ar dheacrachtaí cumarsáide laistigh den chóras dlí agus cirt. Beidh brú anois ar Naomi Long a léiriú go mbeidh na ceachtanna foghlamtha. Beidh le feiceáil an leor sin lena lucht cáinte a chur ina dtost. Foclóir Dúnmharfóir = murderer Iarratas = application Cinneadh = decision Macántacht = honesty Teip = failure Sula = before Círéibeacha ciníocha = race riots

Read original article