Geabaire: uirlis Ghaeilge do pháistí a bhfuil uathachas orthu
Tá an chéad uirlis tacaíochta cumarsáide Gaeilge, a d’fhorbair taighdeoirí ABAIR i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ar fáil anois. Cuirfidh Geabaire “ar chumas páistí nach labhraíonn, nó páistí a bhfuil teorainn lena gcumas cainte, focail agus abairtí Gaeilge a chumadh, agus a rá amach os ard ag úsáid guthanna sintéiseacha”. Is ar shiombailí atá leagan amach na huirlise bunaithe agus tá beagnach 7,000 focal agus frása réamhchláraithe sa chóras. Tá na cnaipí ar fad leagtha amach “de réir na ranna cainte, brí na bhfocal, an gaol idir na focail agus feidhm na cumarsáide”, agus tá táib éagsúla agus réimse dathanna ar fáil le cuidiú le páistí teacht ar an fhocal atá uathu. Tá Geabaire ar cheann de na chéad chórais AAC (cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach) a dearadh ón bhonn aníos do mhionteanga san Aontas Eorpach. Deir Neasa Ní Chiaráin, Ollamh Cúnta le Teicneolaíocht Urlabhra agus Teanga don Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, go “líonann Geabaire bearna ollmhór atá riachtanach do phobal na Gaeilge”. “Cinntíonn Geabaire gur féidir le leanaí a bhfuil riachtanais chasta chumarsáide acu a bheith rannpháirteach ón gcéad lá ar a dturas oideachais. Agus an teicneolaíocht ag forbairt, caithfimid a chinntiú nach bhfágtar cuid de na baill is leochaillí de phobal na Gaeilge taobh thiar. Sampla cumhachtach atá ann den taighde ag teacht le chéile le nuálaíocht theicneolaíoch ar mhaithe le héifeacht dhearfach ar an tsochaí agus ar chearta teanga”. Tá Geabaire á mhaoiniú ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). An Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga ag iarraidh go gcuirfear feabhas ar choinníollacha oibre s’acu Tá trí phríomhéileamh á lorg ag an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga le go mbeidh “córas níos cothroime agus níos inbhuanaithe” acu ina gcuid oibre, chomh maith le “cur chuige níos comhtháite agus níos fadtéarmaí” i leith na pleanála teanga amach anseo. Is é an grúpa neamhspleách seo a dhéanann ionadaíocht ar na ceantracha fud fad na tíre a bhíonn ag plé le cúrsaí pleanála teanga ar bhonn áitiúil agus é mar aidhm acu úsáid na Gaeilge a neartú sa phobal. Tháinig oifigigh pleanála teanga agus oifigigh forbartha le chéile ag cruinniú i mí an Mheithimh le deiseanna agus dúshláin a phlé agus is ag an chruinniú sin a aontaíodh na trí mhóréileamh. Deir an Mheitheal go bhfuil “imní láidir” ann faoi na “difríochtaí móra i gcoinníollacha fostaíochta, pá, pinsin agus conarthaí ar fud na hearnála”, agus mar sin go bhfuil siad ag iarraidh scálaí pá “cearta”, “coinníollacha caighdeánaithe atá ar comhchéim leis an tSeirbhís Phoiblí” agus “treoir shoiléir maidir le pinsin, róil agus struchtúir fostaíochta”. Chomh maith leis sin, tá siad ag iarraidh go mbeidh conarthaí níos fadtéarmaí acu agus “cinnteacht go bhfuil Ceanneagraíochtaí Pleanála Teanga dá gcuid i bhfeidhm mar is ceart”. Tá an Mheitheal ag iarraidh “infheistíocht mhéadaithe” sa phleanáil teanga agus sna grúpaí pobail chomh maith le maoiniú ar leith do chostais reatha na foirne, cosúil le pá, pinsin agus cíos. Teastaíonn plean infheistíochta fadtéarmach don earnáil uathu fosta, a bheadh ag teacht le Plean Fáis Chonradh na Gaeilge. Ar deireadh, deir an Mheitheal go bhfuil siad ag iarraidh tacaíocht straitéiseach don phleanáil teanga le cuidiú leo “comhoibriú, oiliúint agus dea-chleachtas a chur chun cinn”. Molann siad Lárionad Náisiúnta Pleanála Teanga a bhunú, oiliúint agus forbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil d’Oifigigh Pleanála Teanga agus d’fhostaithe nua, chomh maith le comhoibriú gníomhach leanúnach idir Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, agus an Mheitheal féin. Dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn agus ball de ghrúpa oibre na Meithle Náisiúnta Pleanála Teanga, go bhfuil “pobail ar fud na tíre ag déanamh obair ríthábhachtach ar son na Gaeilge. Le go mbeidh an obair sin inbhuanaithe, áfach, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na daoine atá ag obair san earnáil ag fáil na gcoinníollacha cearta, go bhfuil maoiniú fadtéarmach ar fáil, agus go bhfuil struchtúr náisiúnta láidir ann chun tacú leo. “Táimid ag iarraidh cur chuige comhordaithe, uaillmhianach agus fadtéarmach. Tá sé in am pleanáil a dhéanamh don earnáil féin, ar an bhealach céanna a bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail pleanáil a dhéanamh do thodhchaí na Gaeilge.” Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2026 fógartha Bhailigh slua d’fhoilsitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge i dTaibhdhearc na Gaillimhe Dé Céadaoin seo caite, áit a raibh ócáid mhór cheiliúrtha ar siúl do Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2026 i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge. Naoi leabhar déag a bhí ainmnithe ar na gearrliostaí i mbliana agus ba í Áine Ní Ghlinn, Uachtarán an Oireachtais, a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin, gradam a bhronntar ar Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta gach bliain, ar Maith Thú a Mhicí , leabhar scéalta a scríobh Micí Sheáin Néill Ó Baoill agus a d’fhoilsigh an teach foilsitheoireachta Éabhlóid. Bronnadh Gradam Réics Carló, gradam Leabhar na Bliana do Pháistí, ar Puisín na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn, maisithe ag Paddy Donnelly agus foilsithe ag Futa Fata. Bronntar Gradam de Bhaldraithe ar shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile gach bliain agus is é An Saol Sona , aistriúchán den úrscéal Fraincise La Vie Heureuse le David Foenkinos, a bhain an gradam i mbliana. Is í Máirín Ní Mhárta a d’aistrigh An Saol Sona agus Barzaz a d’fhoilsigh. Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais: “Tréaslaím ó chroí le Éabhlóid, Futa Fata agus Barzaz as na héachtaí atá bainte amach acu i mbliana. Anocht, déanaimid ceiliúradh ní hamháin ar na buaiteoirí ach ar gach uile údar, aistritheoir, maisitheoir agus foilsitheoir as an obair iontach atá ar siúl acu ar fad i gcothú agus i bhforbairt ár dtraidisiúin liteartha. Is léiriú iad na gradaim seo ar an gcruthaitheacht, ar an éagsúlacht agus ar an saibhreas atá ar fáil in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair.”