chartexchange

Saibhreas scéalaíochta Rann na Feirste

The Irish Times | Oct 20, 2026 1:33 AM EDT

Rinne Coláiste Bhríde, an coláiste samhraidh Gaeltachta i Rann na Feirste, comóradh 100 Bliain bhunú an Choláiste a cheiliúradh ag réimse leathan imeachtaí an mhí seo sa tsráidbhaile bheag bhídeach i gcroílár Ghaeltacht Thír Chonaill. Bhí an gnás ann ó thoisigh Coláiste Bhríde seanchaithe an bhaile a thabhairt isteach agus thug seo deis daofa lucht éisteachta eile a aimsiú, bíodh is nárbh ionann sin agus an lucht éisteachta traidisiúnta a raibh dúil acu sna seanscéalta seo ariamh anall. Bhí laethanta órga na scéalaíochta in Éirinn thart agus pobal traidisiúnta na Gaeltachta ag athrú le linn do na seanchaithe a bheith fán Choláiste. Bhí seanchaithe sa Choláiste go dtí cúig bliain is fiche ó shin ach faraoir níl anois. Chuidigh an meas a bhí ag an Ath. Lorcán Ó Muireadhaigh, bunaitheoir an Choláiste, agus ag a lucht leanúna ar an Ghaeilge agus ar an bhéaloideas leo siúd i Rann na Feirste a raibh a gcroí istigh sa tsaol thraidisiúnta chéanna. Thug an Choláiste pá do na scéalaithe, rud a chuirfeadh le luach an traidisiúin. Anuas air sin, ba léiriú ar an mheas a bhí ar a dteanga, a gcomhrá agus a n-ealaín bhéil, an oiread daoine a bheith ag tarraingt ar an cheantar, rud a chuirfeadh le stádas sóisialta agus caipiteal cultúrtha na scéalaithe. Ar dtús bhí Johnny Shéimisín ann, fear a thoisigh a scéalaíocht sa Choláiste in 1926. Bhí teach Johnny aitheanta mar theach airneáil agus thug neart daoine mór le rá cuairt air. Chuidigh Johnny leis an Oirmhinneach Cosslett Ó Cuinn, ministir Protastúnach, cuid den Bhíobla, go háirid na sailm, a aistriú go Gaeilge. Ba é Johnny a thug suíomh saor in aisce do lucht na Coláiste don chéad fhoirgneamh a thógáil thiar in 1926. Bhí aithne mhaith ag Annie Bhán Fheilimí Nic Grianna ar lucht Choláiste Bhríde agus ba ghnách le grúpaí scoláirí a bheith cruinnithe thart uirthi agus ag cuartaíocht aici agus ag cur isteach uirthi lá agus oíche ag tabhairt uirthi scéal a inse. Leoga bhí a sáith aice leis na scoláirí in amantaí agus nádúrtha go leor chaillfeadh sí foighid leo corruair agus iad sa chasán aici agus ag cur barraíocht ceisteanna uirthi fá ghnóthaí Gaeilge. Ba iad Micí Sheáin, Neidí Frainc Mac Grianna agus Seán Bán Mac Grianna an triúr seanchaithe aitheanta a chaith na bliantaí ag dul isteach ag na ranganna i gColáiste Bhríde ag scéalaíocht do na scoláirí. Chuir na mílte duine a d’fhreastail ar Choláiste Bhríde aithne ar na seanchaithe seo thar na bliantaí agus chuir cuid acu aithne ar Mhicí agus ar Neidí mar fhir tí cionn is go raibh lóistéirí ag stopadh acu. Go luath ina shaol chuaigh Seán Bán Mac Grianna a theagasc i gColáiste Bhríde agus is ansin a bhí sé go deireadh a lae – caoga bliain níos moille. Chuir sé aithne ansin ar dhaoine as achan chearn den tír agus bhí mórán cairde aige. Bhí ardmheas aige ar an Ath. Lorcán Ó Muireadhaigh. Bhíodh John Ghráinne Ó Duibheannaigh, a dheartháir agus Aodh Ó Duibheannaigh sa Choláiste ag scéalaíocht fosta. Chaith Neidi Frainc Mac Grianna go leor ama i gColáiste Bhríde ag teagasc agus ag roinnt a chuid seanchais leis na scoláirí. Bhí dúil bhocht aige goil suas ‘na Coláiste agus a bheith ag scéalaíocht. “Mura n-instear na scéalta, gheobhaidh siad bás,” a deireadh sé leis a iníon, Geraldine. Bhí sé de bhua ag Neidí Frainc go raibh sé ábalta scéal a ghiorrú d’fhoghlaimeoirí i gColáiste Bhríde agus nach mbeadh a fhios agat gur fhág sé focal amach mar bhí cnámha an scéil ann agus shíl tú go raibh an t-iomlán ann. Ach dá gcluinfeá é ag inse an scéil chéanna do dhaoine a raibh scoth na Gaeilge acu agus tuigbheáil acu ar an teanga, b’fhéidir go mbeadh an scéal ceathrú uair an chloig níos faide. Agus é ag scéalaíocht i gColáiste Bhríde, thuig sé go raibh sé ag caint le foghlaimeoirí agus mhoilligh sé anuas rud beag. I dtigh Sheáin Néill a chuir an tOllamh Jim McCluskey aithne ar an chéad mhórealaíontóir a casadh ariamh air. Ba é fear an tí, Micí Sheáin, an t-ealaíontóir sin agus ba í ealaín na haithrise agus an tseanchais a chleacht sé. Corroíche, nuair a bhuaileadh an tallann é i ndiaidh am dinnéara agus i ndiaidh dó féin agus John lá crua oibre a chur isteach sna cuibhrinn, d’fhiafraíodh sé díofa: “Anois, a ghasúraí, ar mhaith libh scéal a chluinstin?” D’fhanadh McCluskey agus cuid eile acu sa chistineach a dh’éisteacht leis agus chuirtí tús leis an scéal. Bhí ról ag Coláiste Bhríde ag tarraingt clú agus ag tuilleadh measa ar na seanchaithe cionn is go raibh áit ann a raibh siad ábalta dul isteach ann ag scéalaíocht ag daoine eile. Bhí cúpla punta le gnóthú acu air agus ar an ábhar sin rinne siad cinnte go raibh scéalta acu. Thug an Choláiste ardán nó deis cineál oifigiúil daofa a gcuid scéalta a insint. Phronn fostú na Coláiste stádas ar leith ar na scéalaithe seo mar dhaoine a raibh saineolas dúchasach acu agus arbh fhiú éisteacht leo. B’ionann lucht na Coláiste agus lucht éisteachta ag na scéalaithe in am a raibh an scéalaíocht ag gabháil i léig. Chinnteodh an lucht éisteachta seo go raibh faill ag na scéalaithe a n-ealaín a chleachtadh nuair nach raibh an t-airneál ná na seanscéalta fada sa chomhthéacs thraidisiúnta ag gabháil chomh láidir céanna a thuilleadh. Tá Brendan Ó Dufaigh ina bhall de Choiste na Coláiste le 15 bliana. Foclóir comóradh = celebration dúil = fondness/liking béaloideas = oral tradition/folklore comhrá = conversation stádas sóisialta = social status clú = fame cuibhrinn = fields

Read original article