“Bhí tréimhse i m’óige nuair a bhí Daid de shíor ag seinm ceirníní de chuid Nusrat Fateh Ali Khan. Tá cuid de na hamhráin ar eolas de ghlanmheabhair agamsa agus ag mo dheirfiúr, cé gur sa Phuinseáibis atá siad agus nach dtuigeann muid focal.”
Cén t-ealaíontóir atá beo is mó a bhfuil meas agat air? Tá meas mór agam ar aon ealaíontóir atá tar éis airgead nó deiseanna a íobairt ar mhaithe le seasamh a ghlacadh ar son mhuintir na Palaistíne - leithéidí Macklemore agus na n-ealaíontóirí eile a d’fhág camchuairt Ed Sheeran: Aaron Rowe agus Beoga. San earnáil seo, is beag deiseanna nó airgead atá ar fáil dúinne, na healaíontóirí, mar sin tá brú atá ann gan aon rud a rá nó a dhéanamh a chuirfeadh na deiseanna sin i mbaol. Tá an-mheas agam ar dhaoine nach ngéilleann don bhrú sin. Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lag trá cruthaitheachta a shárú? Fanaim go dtí an nóiméad deireanach, go dtí go bhfuil an spriocdháta ag éirí cóngarach agus gur cás éigeandála atá ann i ndáiríre, nuair nach bhfuil aon rogha eile agam ach rud éigin a scríobh ar an diabhal leathanach. Ní mholfainn an modh seo más maith leat do mheabhairshláinte a chaomhnú. Mura mbeifeá ag gabháil don ealaín atá á cleachtadh agat faoi láthair, cén tallann chruthaitheach ba bhreá leat a bheith agat? Is minic a bhím ag brionglóideach faoi éalú go dtí pluais áit éigin sna sléibhte, i bhforaois nó taobh le loch, agus leabhair a scríobh. Is dócha go mbeinn ag scrollú ar mo fón gan stad ansin freisin! Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh? Gur chóir dom ‘’branda níos soiléire’’ a bheith agam ar na meáin shóisialta. Ní hé gur droch-chomhairle atá ann don chóras caipitlíoch ina maireann muid. Sa chóras seo, is fíor go gcaithfidh tú tú féin ‘a dhíol’, agus cuidíonn sé go mór má tá ‘táirge’ soiléir agat. Ach is ‘ilcheardaí’ mise - fuirseoir, ceoltóir, scríbhneoir, aisteoir, agus cruthaím ábhar polaitiúil freisin ar na meáin shóisialta. Tá sé dodhéanta dom díriú go hiomlán ar ghné amháin. Is ‘ulchabhán oíche’ amach is amach mé, ní bhíonn aon smaoineamh amháin soiléir i mo cheann roimh 7pm. An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat? Chaith mé dhá thrian do mo chuid ama ar scoil i dtrioblóid in oifig an phríomhoide. Bhí múinteoir nó dhó a raibh píosa craic iontu, agus múinteoir deas nó dhó a rinne iarracht mé a spreagadh chun píosa beag oibre a dhéanamh. Is cuimhin liom múinteoir deas amháin, Iníon Nic Anraí a mhúin Béarla dúinn don Ardteistiméireacht. Ar an lá deireanach don scoil, scríobh sí ‘comhairle don saol’ ar an gclár dubh. An pointe a sheas amach domsa ná “Bíodh cuimhne agaibh ar Sylvia Plath, agus seachain fir cosúil le Ted Hughes”. Comhairle thábhachtach a d’fhan liom! Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste? Labhair muid Gaeilge sa bhaile, agus bhí ceol mórthimpeall orainn. Ba ghnách le mo mháthair a bheith sa bhanna ceoil Na Casaidigh lena chuid deartháireacha. Is cuimhin liom suí taobh léi ag an bpianó, agus mé an-óg. Bhí mo sheantuismitheoirí, Seán agus Nóirín Uí Chasaide, an-cheolmhar, agus bhí béim ollmhór i gcónaí ar an gceol sa chlann. Bhí tréimhse i m’óige nuair a bhí Daid de shíor ag seinm ceirníní de chuid Nusrat Fateh Ali Khan. Tá cuid de na hamhráin ar eolas de ghlanmheabhair agamsa agus ag mo dheirfiúr, cé gur sa Phuinseáibis atá siad agus nach dtuigeann muid focal. Thug Daid dlúthcheirnín den albam Blue le Joni Mitchell dom mar bhronntanas nuair a bhí mé 16, agus mé ag foghlaim an ghiotáir. Ba é Case of You an chéad amhrán a chan mé leis an ngiotár. An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós? Ba mhaith liom sraith drámaí grinn a chruthú do TG4. Tá mé manifesting anseo! Cén cineál áite a spreagann thú? Is ‘ulchabhán oíche’ amach is amach mé, ní bhíonn aon smaoineamh amháin soiléir i mo cheann roimh 7pm. Díreach agus mé ag iarraidh dul a luí, dúisím agus tosaíonn na smaointe ag teacht. Ansin, coinníonn siad i mo dhúiseacht go mall mé. Déanaim taifead le mo ghuthán nó scríobhaim san aip Notes iad. Is minic agus mé ag déanamh rud éigin eile ar fad a thagann na smaointe chugam. Cabhraíonn Ritalin. Cad é do thuaraim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn? Ag labhairt mar dhuine a tógadh le Gaeilge sna 90idí, tá sé thara bheith suimiúil an t-athrú a fheiceáil i measc an phobail - go háirithe sa ghlúin óg - maidir leis an nGaeilge. Scríobh mé seó iomlán faoi le déanaí don fhéile Dublin Fringe, Gaelmaxxing, agus déanann sé plé greannmhar ar an nGaeilge mar threocht. Is iontach an rud é go bhfuil suim sa Ghaeilge múscailte sa phobal. Sílim go bhfuil cúpla cúis leis. Go bunúsach, ceapaim go bhfuil daoine (go háirithe daoine óga) ag cuardach rud éigin taobh amuigh de luachanna an chaipitleachais agus an impiriúlachais. Ceapaim freisin go bhfuil nasc idir an ghluaiseacht mhór ar son na Palaistíne atá feicthe againn in Éirinn le cúpla bliain anuas agus an tsuim atá daoine ag léiriú i stair fhrithchoilíneach na hÉireann. Tá an teanga mar chuid de sin, agus is iontach an rud é. Ag an am céanna, cé go bhfuil dearcadh an phobail i bhfad níos dearfaí maidir leis an teanga, tá líon na ndaoine atá ag maireachtáil trí Ghaeilge - nó á labhairt go laethúil - ag laghdú, de thoradh na géarchéime tithíochta sa Ghaeltacht, agus easpa infheistíochta ón stát. Is iontach an rud é go bhfuil an pobal mór ag cur suim sa teanga agus sa chultúr, ach ní leor sin leis an teanga a choinneáil beo. Caithfear infheistíocht cheart a dhéanamh i dtithíocht, sna meáin, agus i seirbhísí trí Ghaeilge. Foclóir ag scrollú = scrolling ilcheardaí = jack of all trades fuirseoir = comedian/entertainer comhairle = advice ulchabhán oíche = night owl dearcadh = opinion/view