chartexchange

Aontacht na nAontachtach faoi bhrú

The Irish Times | Sep 22, 2026 1:50 AM EDT

Bhí go leor cainte faoi chomhoibriú idir na páirtithe aontachtacha ag Comhdháil Bhliantúil an DUP, a reáchtáladh in Óstán La Mon i mBaile Nua na hArda, Contae an Dúin, ag an deireadh seachtaine. Tá go leor dúshlán roimh Gavin Robinson mar cheannaire ar an DUP i láthair na huaire, go háirithe agus é ag iarraidh an páirtí a láidriú agus a spreagadh i ndiaidh bliain an-deacair don DUP. Ba léir go raibh Robinson é féin agus an páirtí ar fad ag iarraidh súil a chaitheamh chun tosaigh ar na toghcháin Tionóil agus Comhairlí Áitiúla atá ar na bacáin i mBealtaine na bliana seo chugainn, agus iad ag súil le tógáil ar an staid reatha. I dtoghchán an Tionóil in 2022, bhain an DUP 25 shuíochán le 21.3% den vóta céadrogha, rud a lig do Sinn Féin teacht isteach agus Céad-Aire a cheapadh don chéad uair riamh le 27 suíochán bainte amach acu. Léirigh pobalbhreith i mí Iúil go bhfuil an DUP tite go dtí 15% den vóta céadrogha faoin am seo, rud a bheidh ina chúis imní don pháirtí agus iad ag ullmhú i dtreo na dtoghchán. Téama leanúnach a bhí sa phlé faoi ról an Chéad-Aire le linn na comhdhála, agus cé gur comhoifig é, cuireann an DUP agus Sinn Féin tábhacht shiombalach ar an ról. …tá codarsnacht sa teachtaireacht atá curtha amach ag Robinson agus tá sé doiléir a oibriú amach cad é an tosaíocht is mó atá aige San óráid a thug Gavin Robinson don pháirtí tráthnóna Dé Sathairn, bhí dhá phríomhtheachtaireacht aige don phobal aontachtach. Ar an chéad dul síos, labhair sé faoin ghéarghá le haontas idir na páirtithe aontachtacha ar fad agus gur chóir go mbeadh siad ag obair go láidir d’aon ghuth. An dara cuid den teachtaireacht ná nár chóir an vóta aontachtach a scoilt trasna na bpáirtithe aontachtacha éagsúla ar eagla nach mbeadh páirtí aontachtach ar an pháirtí is mó i ndiaidh an toghcháin, agus mar sin go mbeadh náisiúnaithe i dteideal an róil mar Chéad-Aire ar an Fheidhmeannas a ghlacadh arís. Mar sin, tá codarsnacht sa teachtaireacht atá curtha amach ag Robinson agus tá sé doiligh a oibriú amach cad é an tosaíocht is mó atá aige: an líon is mó suíochán a bhaint amach don phobal aontachtach trí chomhoibirú a dhéanamh le páirtithe eile, nó, impí ar dhaoine tacaíocht iomlán a thabhairt don DUP le gur féidir leo a bheith ar an pháirtí is mó sa Tionól arís? Dúirt sé gur mhaith leis uasmhéadú a dhéanamh ar líon na suíochán aontachtach, ach chomh maith leis sin go gcuirfeadh vótaí scoilte Tuaisceart Éireann “sa treo mícheart” agus nár chóir ligint d’uaillmhian ceannasaí amháin nó ego ceannasaí eile cur isteach ar an obair atá rompu – ráiteas nach mbeadh iontach tarraingteach do cheannairí eile a bheadh ag smaoineamh faoi dul i mbun comhoibrithe leis. Níl aon rud nua sa chaint maidir le comhoibriú nó scoilteanna idir na páirtithe aontachtacha. Bhí comhoibriú eatarthu in 2015 le linn an toghcháin Westminster. Sa toghchán sin, níor sheas an DUP iarrthóir i dtoghcheantar Fhear Manach agus Thír Eoghain Thiar, agus níor sheas an UUP iarrthóir in Oirthear Bhéal Feirste. Mar gheall ar na cinntí seo, d’éirigh le Tom Elliot on UUP agus Gavin Robinson ón DUP suíocháin a bhaint ar ais do pháirtithe aontachtacha a bhí i lámha Pháirtí na Comhghuaillíochta agus Shinn Féin sa tréimhse roimhe sin. Ach, tá difear ollmhór sna toghcháin atá le teacht mar gheall go mbeidh ionadaíocht chionmhar i bhfeidhm ina leith. Beidh sé doiligh ar Jon Burrows mar cheannaire ar an UUP nó ar Jim Allister mar cheannaire ar an TUV seasamh siar in aon toghcheantar chun deis níos fearr a thabhairt don DUP suíochán a bhaint. Beidh comórtas fíochmhar eatarthu agus bheadh sé dúshlánach comhar a chomhordú ag leibhéal cuimsitheach a dhóthain chun tionchar a imirt ar na torthaí deireanacha. Beidh le feiceáil an leor an spreagadh aontachtach i dtaca le ról an Chéad-Aire chun seasamh an DUP a thiontú ar ais arís. Lasmuigh den díospóireacht seo, cuireadh go leor ceisteanna ar ionadaithe an pháirtí maidir leis an mhéid a bhí le rá ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump an tseachtain seo caite agus é ag léiriú tacaíocht d’Éirinn aontaithe. Thug an DUP tacaíocht láidir do Trump go dtí seo agus is buille dóibh iad na ráitis a dúirt sé agus é in Éirinn. Ní fios go fóill cén teachtaireacht a bheidh ann maidir le comhoibriú idir na páirtithe aontachtacha ag comhdháil bhliantúil an UUP a bheidh ar siúl ar an deireadh seachtaine seo chugainn. Mura dtacaíonn Burrows agus an UUP leis an chur chuige atá molta ag Robinson, cuirfear deireadh tobann leis an smaoineamh. Tá seans láidir ann go léireofar bá don choincheap, ach tá amhras ann go ndéanfar beart de réir briathair ina dhiaidh sin. Foclóir: dúshlán = challenge spreagadh = encouragement siombalach = symbolic uaillmhian = ambition díospóireacht = debate torthaí = results comhdháil = conference

Read original article